VOOZH about

URL: https://ga.wikipedia.org/wiki/Academy_Awards

⇱ Duaiseanna an Acadaimh - Vicipéid


Jump to content
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Academy Awards)
👁 Bosca Sonraí Eagraíochta
Duaiseanna an Acadaimh
(en) Academy Awards 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálgrúpa duaiseanna 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1929
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Codanna
Duais an Acadaimh don scannán is fearr
Duais an Acadaimh don amhrán nuachumtha is fearr
Duais an Acadaimh don chineamatagrafaíocht is fearr
Academy Award for Best Writing, Adapted Screenplay (en) 👁 Aistrigh

Academy Award for Best Costume Design (en) 👁 Aistrigh

Gradam Acadaimh don Scór Bunaidh is Fearr
Academy Award for Best Director (Comedy Picture) (en) 👁 Aistrigh

Academy Award for Best Original Dramatic Score (en) 👁 Aistrigh

Academy Award for Best Documentary Feature Film (en) 👁 Aistrigh

Academy Award for Best Writing, Original Screenplay (en) 👁 Aistrigh

Academy Award for Best Animated Feature (en) 👁 Aistrigh

Duais an Acadaimh don aisteoir is fearr
Duais an Acadaimh don stiúrthóir is fearr
Gradam an Acadaimh don Scannán Lánfhada Idirnáisiúnta is Fearr
Duais an Acadaimh don bhan-aisteoir is fearr
Duais Acadaimh don Aisteoir Tacaíochta is Fearr
Duais an Acadaimh don aisteoir tánaisteach is fearr
Academy Award for Achievement in Casting (en) 👁 Aistrigh
👁 Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinoscars.org… 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
👁 Image
Cuireadh tús leis na Gradaim ar an 16 Bealtaine 1929
👁 Image
31ú Gradaim an Acadaimh, Hollywood, 1959.
👁 Image
81ú Gradaim an Acadaimh, Hollywood, 2009.

Is ionann Duaiseanna an Acadaimh, Gradaim an Acadaimhna hOscair,[1] agus gradaim a bhronnann an tAcadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí na Scannán (AMPAS) i Stáit Aontaithe Mheiriceá gach bliain, chun aitheantas a léiriú d'fheabhas na ndaoine gairmiúla i dtionscal na scannán, idir stiúrthóirí, aisteoirí agus scríbhneoirí.

Déantar é seo ag searmanas bronnta gach uile bhliain, i mí an Mhárta de ghnáth. Bíonn sé ar cheann de na himeachtaí teilifíse is mó ar domhan ó thaobh lucht féachana de.

Bronntar deilbhín óir (cré-umha teilgthe agus plátáilte le hór i ndáiríre) ar an duine a thugann an svae leis/léi i gcatagóir ar bith de na gradaim. Rinne an dealbhóir George Stanley an chéad cheann[2] as sceitse de chuid Cedric Gibbons.[3]

Cuireadh tús leis na Gradaim ar an 16 Bealtaine 1929. Reáchtáladh an ócáid san Ostán Roosevelt i Hollywood agus 270 i láthair. Mhair an searmanas cúig nóiméad déag. Bhronn Douglas Fairbanks Oscar ar Janet Gaynor, banaisteoir. Bronnadh Oscar "an t-aisteoir is fearr" ar Emil Jannings[4] in absentia; Naitsíoch cruthanta ba ea é agus d'fhill sé go dtí an Ghearmáin roimh an ócáid, a dheilbhín óir faoina ascaill aige.[5] $5 ba ea luach an dinnéir (b’fhéidir $100 inniu) agus d'ith an lucht scannánaíochta sicín gríosctha ar phíosa tósta, pónairí agus prátaí.[6]

Sa bhliain 1953, craoladh na Gradaim ar an teilifís don chéad uair (19 Márta ar NBC, agus ansin ABC ó 1960).

Bhí conspóid ag Gradaim an Acadaimh 2022 nuair a bhuail an t-aisteoir Will Smith an fuirseoir Chris Rock tar éis dó jóc a insint faoina bhean chéile Jada Pinkett-Smith.[7]

Níor éirigh le An Cailín Ciúin an gradam don scannán i dteanga nach í an Béarla í a thabhairt leo sa bhliain 2023. Bhí dóchas ag na Gaeil go dtabharfadh an chéad scannán Gaeilge a ainmníodh dá leithéid de ghradam an duais mhór thar Atlantach abhaile.[8]

Fógraíodh rialacha nua maidir le roghnú na mbuaiteoirí Oscar i mí Aibreán 2025.[9]

Chuir ceann amháin díobh sin, go gcaithfidh an painéal moltóirí féachaint ar na scannáin ábhartha ar fad, fearg ar dhaoine nach raibh sé seo ina riachtanas cheana féin.

Mar thoradh ar riail eile, is féidir scannáin atá ag brath ar intleacht shaorga a roghnú mar bhuaiteoirí, cé go bhfuil sé ráite ag an Acadamh freisin go measfadh sé rannpháirtíocht na n-aisteoirí sa phróiseas roghnúcháin.[10] [11]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. The Academy Awardsthe Oscars as Béarla
  2. "George Stanley (sculptor)"(as en)(2024-03-04). Wikipedia.
  3. "Cedric Gibbons, the Irish American who designed the Oscar"(en-GB).EPIC The Irish Emigration Museum in Dublin | Official Site.Dáta rochtana: 2024-05-16.
  4. "Emil Jannings"(as en)(2024-04-19). Wikipedia.
  5. Martin Chilton(2024-03-08)."Oscars: The Nazi shame of Best Actor winner Emil Jannings"(en).The Independent.Dáta rochtana: 2024-05-16.
  6. Jason Bailey(2021-01-27)."The First Oscar Ceremony Lasted 15 Minutes. What Happened?"(en-US).The New York Times.Dáta rochtana: 2024-05-16.
  7. "Tús Áite: Conspóid ag Gradaim Oscars"(en).RTE Radio(2022-03-28).Dáta rochtana: 2024-05-16.
  8. NÓS(2023-03-13)."Deireadh le brionglóid an Oscair do ‘An Cailín Ciúin’"(ga-IE).PEIG.Dáta rochtana: 2024-05-16.
  9. "Films made with AI can win Oscars, Academy says"(en-GB).www.bbc.com(2025-04-22).Dáta rochtana: 2025-04-27.
  10. Conradh na Gaeilge, Londain(26 Aibreán 2025)."Nuacht Mhall (Luimneach)"(ga-IE).Apple Podcasts.Dáta rochtana: 2025-04-27.
  11. Bhí béim curtha ag roinnt aisteoirí agus scríbhneoirí scáileáin ar an mbaol go gcaillfí saothar le IS agus go n-úsáidfí é chun mí-úsáid a bhaint as a n-íomhá féin. Sa bhliain 2025, tháinig fadhb chun cinn maidir le roghnú na mbuaiteoirí Oscar; baineadh úsáid as an IS chun an scannán The Brutalist a fhorbairt, go háirithe chun blas an phríomh-aisteora - Adrien Brody - a "fheabhsú" nuair a labhair sé san Ungáiris.