VOOZH about

URL: https://ga.wikipedia.org/wiki/EMI

⇱ EMI - Vicipéid


Jump to content
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
👁 Bosca Sonraí Eagraíochta
EMI
(en) EMI Records Limited 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
👁 Image
👁 Image

👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálgnó
cuideachta sealbhaíochta
comhlacht ceoil
cuideachta phríobháideach
lipéad ceoil 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlícuideachta phoiblí theoranta 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh29 Márta 1928
1931
31 Márta 1931
1 Eanáir 1973,Londain 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte2012 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Rud nó duine a tháinig ina áitParlophone Records Ltd. (en) 👁 Aistrigh
👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Líon fostaithe15,000 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
MáthaireagraíochtUniversal Music Group
Sony (United Kingdom) (en) 👁 Aistrigh

Warner Music Group 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
ÚinéirVivendi 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Fochomhlacht
Úinéir de
Cuid demajor label (en) 👁 Aistrigh
(–2012) 👁 Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinuniversalmusic.com… 👁 Cuir in eagar ar Wikidata

Comhlacht iltíre Briotanach ab ea EMI (EMI Group Limited go hoifigiúil agus Electric and Musical Industries ag an tús, as a dtáinig "EMI"). Bunaíodh an comhlacht i mí Márta na bliana 1931 agus bhíodh a phríomhoifigí i Londain. Ba é an ceathrú gnólacht agus grúpa lipéad taifeadta ceoil ba mhó ar domhan nuair a briseadh suas é sa bhliain 2012. Ar na lipéid a bhí ag EMI Records Ltd. bhí EMI Records, Parlophone, Virgin Records agus Capitol Records. Bhíodh aonad foilsitheoireachta ag EMI freisin, mar atá EMI Music Publishing, agus é lonnaithe i Londain le hoifigí ar fud an domhain.

Bhí an comhlacht mar chuid den Innéacs FTSE 100, ach nuair a carnaíodh SAM $4 billiún d'fhiacha, díoladh é le Citigroup i mí Feabhra 2011.[1][2] Níor mhair úinéireacht Citigroup i bhfad áfach: d'fhógair siad i mí na Samhna sa bhliain 2011 go ndíolfaidís craobh an cheoil le Universal Music Group, cuid de Vivendi ar $1.9 billiún, agus an gnó foilsitheoireachta le Sony/ATV ar $2.2 billiún.

Cuireadh Electric and Musical Industries Ltd ar siúil i Márta 1931 le cumasc de Columbia Graphophone Company agus an Gramophone Company, a raibh an lipéad taifeadta úd "His Master's Voice" acu, dhá chomhlacht a ndeacgaigh a stair siar go tús thaifeadadh na fuaime. Rinne an comhlacht nua taifeadadh fuaime chomh maith le gléasanna taifeadta agus seinnte.

Sna 1960idí bhí The Beatles ar na bannaí ceoil a bhí sínithe acu.

  1. Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "".
  2. "Citigroup buys EMI".Cartlannaíodh an bunleathanach ar 25 April 2012.
👁 Image
Is síol faoin ghnó é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.