VOOZH about

URL: https://ga.wikipedia.org/wiki/Raymond_Chandler

⇱ Raymond Chandler - Vicipéid


Jump to content
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
👁 Infotaula de persona
Raymond Chandler
👁 Image

👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Raymond Thornton Chandler 👁 Cuir in eagar ar Wikidata

23 Iúil 1888
Chicago, Illinois 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Bás26 Márta 1959
70bliana d'aois
La Jolla, California 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha(Niúmóine)
Áit adhlacthaMount Hope Cemetery (en) 👁 Aistrigh
👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Dulwich 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Réimse oibreCoirscéal
Gairmscríbhneoir scripte,scríbhneoir,úrscéalaí,file 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1933–
SeánraFicsean bleachtaireachta
Faoi thionchar
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Breataine agus an tAerfhórsa Ríoga
CoinbhleachtAn Chéad Chogadh Domhanda
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileCissy Pascal 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

👁 IMDB: nm0151452
👁 Allocine: 6208
👁 Allmovie: p84666
👁 TV.com: people/raymond-chandler
👁 TMDB.org: 12493

👁 Musicbrainz: d58a883d-fb99-4831-8852-e060cea8c15f
👁 Discogs: 467590
👁 Goodreads author: 1377
👁 Find a Grave: 188
👁 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir scéalta bleachtaireachta agus scriptscríbhneoir scannán a bhí i Raymond Thornton Chandler, a rugadh i Chicago ar an 23 Iúil 1888 agus a fuair bás i San Diego ar an 26 Márta 1959. Bhí an-tionchar ag a stíl "chruabhruite", mar a deirtear, ar na scéalta bleachtaireachta, ar an gcineál daoine a bhíonn le feiceáil iontu agus ar an gcineál stíle a chleachtar iontu inniu. Is é príomhlaoch a chuid scéalta, Philip Marlowe, ionchollú an "bhleachtaire phríobháidigh" mar a shamhlaítear dúinn inniu é.

Cé gur sna Stáit Aontaithe a rugadh é, chaith sé blianta a óige i Sasana. Thréig a athair - innealtóir a bhí ina alcólach - a theaghlach, agus chuaigh máthair Raymond, bean Éireannach, ar ais go dtí an Ríocht Aontaithe in éineacht lena mac. Ba é deartháir na máthar a choinnigh bia agus beatha leo. Ina fhear óg dó d'fhill Raymond go Meiriceá ag iarraidh a áit féin a aimsiú sa saol. Liostáil sé sna saighdiúirí sa Chéad Chogadh Domhanda, agus chaith sé seal ag troid. I ndiaidh an chogaidh, d'fhill sé go Los Angeles, agus rinne sé staidéar ar chuntasóireacht le jab seasta a fháil. Phós sé bean a bhí ocht mbliana déag ní ba sine ná é. Sna 1930idí, nuair a chaill sé a jab de dheasca na ndeacrachtaí a bhí aige leis an mbiotáille, thosaigh sé ag scríobh scéalta garrfhicsin lena chuid a shaothrú. D'éirigh leis an scríbhneoireacht, agus sna 1940idí, fostaíodh ina scriptscríbhneoir i Hollywood é. Fuair a bhean chéile bás sa bhliain 1954, agus í tinn ar feadh i bhfad roimhe sin.

Ní raibh sé ina dhuine shona riamh. Bhí sé ina dhruncaire, cosúil lena athair roimhe, agus dúlagar intinne ag goilleadh air. Chuaigh na deacrachtaí seo chun olcais i ndiaidh bhás a mhná céile. Bhí sé mór le cúpla bean ina dhiaidh sin, ach ní raibh mórán maithe sna cumainn seo, agus bhí níos mó ná bean amháin ag déanamh gur homaighnéasach a bhí ann agus é á shéanadh féin.

Scríobh sé cuid mhór scéalta, ach is iad na húrscéalta The Big Sleep agus The Long Goodbye na cinn ba mhó a thuill clú dó.Is é an locht is mó a fhaightear ar a chuid scéalta nach raibh bua na plotála aige - rinne sé praiseach den phlota go minic - agus ní thaitníonn an stiúir mhadrúil a bhíonn faoi le cách ach an oiread, go háirithe an dóigh a mbíonn sé ag trácht ar mhná agus ar homaighnéasaigh. Ón taobh eile de, tá féith liriciúil ann a chuireann ar a chumas áiteanna agus timpeallacht na n-imeachtaí a chur os comhair an léitheora ar dhóigh bheo bhíogúil.