VOOZH about

URL: https://ga.wikipedia.org/wiki/Whitley_Stokes

⇱ Whitley Stokes - Vicipéid


Jump to content
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
👁 Infotaula de persona
Whitley Stokes
👁 Image

👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Feabhra 1830
Baile Átha Cliath 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Bás13 Aibreán 1909
79bliana d'aois
Londain, England 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreTeangeolaíocht
Gairmsaineolaí dlí,teangeolaí,aistritheoir,dlíodóir,focleolaí,abhcóide 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Saothar
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
PáisteMaive Stokes 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
AthairWilliam Stokes
SiblínMargaret Stokes
Gradam a fuarthas

👁 Goodreads author: 762146

Ba dhlíodóir Éireannach agus scoláire sa Léann Ceilteach é Whitley Stokes (28 Feabhra 1830 - 13 Aibreán 1909).[1]

An Léann Ceilteach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá clú agus cáil ar Whitley Stokes go háirithe mar scoláire sa léann Ceilteach. D'oibrigh sé sa réimse seo san India agus i Sasana. Rinne sé staidéar ar théacsanna Gaeilge, Briotáinise agus Coirnise. Chuir sé spéis sa nGaeilge go príomha mar fhoinse ábhar le haghaidh focleolaíochta comparáidí. Cé gur fhoghlaim sé Sean-Ghaeilge agus Meán-Ghaeilge, ní bhfuair sé blas ceart na Gaeilge riamh agus ní raibh an Nua-Ghaeilge ar a thoil aige ach an oiread.[2] Bíodh gur cailleadh é breis agus céad bliain ó shin, is fear léinn tábhachtach é sa Léann Ceilteach go fóill.[2] D'fhoilsigh sé níos mó ná 15,000 leathanach sa Léann Ceilteach agus níor tháinig eagráin níos fearr in ionad a eagrán féin ina lán cásanna, fiú tar éis na tréimhse fada seo.[2] Ba chomhfhreagraí agus dhlúthchara dá chuid é Kuno Meyer ón mbliain 1881 ar aghaidh. Bhunaigh an bheirt acu an iris Archiv für celtische Lexicographie agus ba chomheagarthóir é maille le hErnst Windisch ar an tsraith darb ainm Irische Texte[2]

  • Three Irish Glossaries (1862)
  • Gwreans an Bys: the Creation of the World Aistriúchán ar dhráma Coirnise de chuid William Jordan ón mbliain 1611 (1864)
  • Three Middle-Irish Homilies (1877)
  • Old Irish Glosses at Merzburg and Carlsruhe (1887)
  • Irische Texte foilsithe ag Leipzig (1880-1900), ina comheagarthóir in éindí le hErnst Windisch
  • The Anglo-Indian Codes (1887).
  • Lives of Saints from the Book of Lismore (1890) aistritheoir
  • Urkeltischer Sprachschatz (1894) maille le hAdalbert Bezzenberger
  • Thesaurus Palaeohibernicus (1901–03) in éindí le John Strachan


Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]


👁 Image
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.