VOOZH about

URL: https://ga.wikipedia.org/wiki/Benito_Mussolini

⇱ Benito Mussolini - Vicipéid


Jump to content
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
👁 Infotaula de persona
Benito Mussolini
duce (en) 👁 Aistrigh
👁 Cuir in eagar ar Wikidata
👁 Image

👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(it) Benito Amilcare Andrea Mussolini 👁 Cuir in eagar ar Wikidata

29 Iúil 1883
Predappio (Ríocht na hIodáile)
Bás28 Aibreán 1945
61bliana d'aois
Giulino 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisSummary execution (en) 👁 Aistrigh
(Tráma balaistíoch)
Áit adhlacthaMussolini Family Crypt (en) 👁 Aistrigh
(1956–)
major cemetery of Milan (en) 👁 Aistrigh
(1945–1946) 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Aire eachtrach
23 Meán Fómhair 1943– 28 Aibreán 1945
Príomh-aire
23 Meán Fómhair 1943– 28 Aibreán 1945
Aire Gnóthaí Eachtracha de Ríocht na hIodáile
6 Feabhra 1943– 25 Iúil 1943
Galeazzo CianoRaffaele Guariglia
National councillor to the Chamber of Fasci and Corporations (en) 👁 Aistrigh
23 Márta 1939– 2 Lúnasa 1943
An chéad mharascail na himpireachta
30 Márta 1938– 25 Iúil 1943
luach ar iarraidh – Deireadh an phoist
In éineacht le: Vittorio Emanuele III
Aire Oibreacha Poiblí de Ríocht na hIodáile
7 Lúnasa 1935– 5 Meán Fómhair 1935
Luigi RazzaGiuseppe Cobolli Gigli
Aire na hAfraice Iodálaí de Ríocht na hIodáile
18 Eanáir 1935– 25 Iúil 1943
Emilio De BonoMelchiade Gabba
Comhalta de Chomhlachas Teachtaí de Ríocht na hIodáile
28 Aibreán 1934– 2 Márta 1939
Aire Cabhlaigh de Ríocht na hÍodáile
6 Samhain 1933– 25 Iúil 1943
Giuseppe SirianniRaffaele de Courten
Aire Aerfhórsa de Ríocht na hIodáile
6 Samhain 1933– 25 Iúil 1943
Italo BalboRenato Sandalli
Aire Cogaidh de Ríocht na hIodáile
22 Iúil 1933– 25 Iúil 1943
Pietro GazzeraAntonio Sorice
Aire Gnóthaí Eachtracha de Ríocht na hIodáile
19 Iúil 1932– 11 Meitheamh 1936
Dino GrandiGaleazzo Ciano
Aire Oibreacha Poiblí de Ríocht na hIodáile
3 Feabhra 1930– 13 Nollaig 1930
Michele BianchiAraldo di Crollalanza
Aire Corparáidí de Ríocht na hIodáile
12 Meán Fómhair 1929– 11 Meitheamh 1936
Giuseppe BottaiFerruccio Lantini
Aire Oibreacha Poiblí de Ríocht na hIodáile
30 Aibreán 1929– 12 Meán Fómhair 1929
Giovanni GiuriatiMichele Bianchi
Comhalta de Chomhlachas Teachtaí de Ríocht na hIodáile
20 Aibreán 1929– 19 Eanáir 1934
Aire na hAfraice Iodálaí de Ríocht na hIodáile
18 Nollaig 1928– 12 Meán Fómhair 1929
Luigi FederzoniEmilio De Bono
Aire Gnóthaí Baile de Ríocht na hIodáile
5 Samhain 1926– 25 Iúil 1943
Luigi FederzoniUmberto Ricci
Aire Corparáidí de Ríocht na hIodáile
2 Iúil 1926– 20 Iúil 1929
luach ar iarraidh – Giuseppe Bottai
Aire Aerfhórsa de Ríocht na hIodáile
4 Eanáir 1926– 12 Meán Fómhair 1929
Benito MussoliniItalo Balbo
Aire Cabhlaigh de Ríocht na hÍodáile
3 Eanáir 1926– 12 Meán Fómhair 1929
Benito MussoliniGiuseppe Sirianni
Aire Cogaidh de Ríocht na hIodáile
3 Eanáir 1926– 12 Meán Fómhair 1929
Benito MussoliniPietro Gazzera
Aire Aerfhórsa de Ríocht na hIodáile
30 Lúnasa 1925– 4 Eanáir 1926
Benito MussoliniBenito Mussolini
Aire Cabhlaigh de Ríocht na hÍodáile
8 Bealtaine 1925– 3 Eanáir 1926
Paolo Ignazio Maria Thaon di RevelBenito Mussolini
Aire Cogaidh de Ríocht na hIodáile
4 Aibreán 1925– 3 Eanáir 1926
Antonino Di GiorgioBenito Mussolini
Aire Gnóthaí Eachtracha de Ríocht na hIodáile
17 Meitheamh 1924– 12 Meán Fómhair 1929
Benito MussoliniDino Grandi
Aire na hAfraice Iodálaí de Ríocht na hIodáile
17 Meitheamh 1924– 1 Iúil 1924
Luigi FederzoniPietro Lanza di Trabia
Comhalta de Chomhlachas Teachtaí de Ríocht na hIodáile
24 Bealtaine 1924– 21 Eanáir 1929
Aire Aerfhórsa de Ríocht na hIodáile
24 Eanáir 1923– 30 Lúnasa 1925
luach ar iarraidh – Benito Mussolini
Aire Gnóthaí Baile de Ríocht na hIodáile
31 Deireadh Fómhair 1922– 17 Meitheamh 1924
Paolino TaddeiLuigi Federzoni
👁 Image
Príomh-Aire de Ríocht na hIodáile
31 Deireadh Fómhair 1922– 25 Iúil 1943
Luigi FactaPietro Badoglio
Aire Gnóthaí Eachtracha de Ríocht na hIodáile
31 Deireadh Fómhair 1922– 17 Meitheamh 1924
Carlo SchanzerBenito Mussolini
Comhalta de Chomhlachas Teachtaí de Ríocht na hIodáile
11 Meitheamh 1921– 25 Eanáir 1924
👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAindiachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Lausanne - eolaíocht shóisialta (19041904) 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaithePalazzo Venezia (en) 👁 Aistrigh

Villa Torlonia (en) 👁 Aistrigh

Romandy (en) 👁 Aistrigh
Teanga dhúchaisan Iodáilis
Dath súileDúdhonn
Dathán gruaigeGruaig chiardhonn
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Milano
An Róimh 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmiriseoir,múinteoir,polaiteoir 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1902– 1945
FostóirAvanti! (19121914) 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaRepublican Fascist Party (en) 👁 Aistrigh
(19431945)
An Páirtí Náisiúnta Faisisteach (19211943)
Fasci Italiani di Combattimento (19191921)
Partito Fascista Rivoluzionario (19151921)
Páirtí Sóisialach na hIodáile (19011914) 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
GluaiseachtItalian nationalism (en) 👁 Aistrigh
agus faisisteachas
TeangachaAn Fhraincis, an Iodáilis agus an Ghearmáinis
Gairm mhíleata
Brainse míleataItalian Air Force (en) 👁 Aistrigh
, Royal Italian Air Force (en) 👁 Aistrigh
agus Voluntary Militia for National Security (en) 👁 Aistrigh
Céim mhíleataAn chéad mharascail na himpireachta 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtAn Chéad Chogadh Domhanda, an Dara Cogadh Domhanda, Greco-Italian War (en) 👁 Aistrigh
, Italian invasion of Albania (en) 👁 Aistrigh
, Second Italo-Ethiopian War (en) 👁 Aistrigh
agus Italian Front (en) 👁 Aistrigh
Teaghlach
TeaghlachRomeo Santos (en) 👁 Aistrigh
👁 Cuir in eagar ar Wikidata
CéileIda Dalser
Rachele Mussolini (19151945) 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíBianca Ceccato (en) 👁 Aistrigh

Margherita Sarfatti
Ida Dalser (19141915)
Clara Petei (19321945) 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteBruno Mussolini
(👁 Image
Rachele Mussolini)

Anna Maria Mussolini
(👁 Image
Rachele Mussolini)

Romano Mussolini
(👁 Image
Rachele Mussolini)

Vittorio Mussolini
(👁 Image
Rachele Mussolini)

Edda Mussolini
(👁 Image
Rachele Mussolini)

Benito Albino Dalser
(👁 Image
Ida Dalser) 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAlessandro Mussolini agusRosa Maltoni
SiblínEdvige Mussolini agus Arnaldo Mussolini
Duine muintearthaGaleazzo Ciano (mac cleamhnais)
Alessandra Mussolini (gariníon)
Romano Floriani Mussolini (fionnó) 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
25 Iúil 1943Fall of the Fascist regime in Italy (en) 👁 Aistrigh
27 Deireadh Fómhair 1922-30 Deireadh Fómhair 1922March on Rome (en) 👁 Aistrigh
👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú


👁 IMDB: nm0615907
👁 FilmAffinity: 265226045
👁 Allocine: 26574
👁 AFI: 19023
👁 TMDB.org: 1095786

👁 Last fm: Benito+Mussolini
👁 Musicbrainz: 41366462-ff3a-45a8-91d9-c40c259b5637
👁 Discogs: 329835
👁 Goodreads author: 221166
👁 Goodreads character: 47061
👁 Find a Grave: 11638
👁 Project Gutenberg: 52104
👁 Cuir in eagar ar Wikidata

B'é Benito Amilcare Andrea Mussolini, deachtóir na hIodáile agus bunaitheoir an Fhaisisteachais[1]. Rugadh é i Dovia di Predappio, Forlì, ar an 29 Iúil 1883 agus cuireadh chun báis é i Giulino di Mezzegra, Como, ar an 28 Aibreán 1945. Bhí sé i gceannas ar an Iodáil idir 1922 agus 1943.

👁 Image
1922: Máirseáil ar an Róimh
👁 Image
1922: Máirseáil ar an Róimh

Mac le gabha dubh Sóisialach ab ea Mussolini. Rugadh i réigiún ar a dtugtar Romagna é agus bhí cáil ar an réigiún sin mar gheall ar fhoréigean a bhain le cúrsaí talún. Cuireadh athair agus seanathair Mussolini sa phríosún de bharr gur Shóisialaithe iad. Bhí sé ina Shóisialach freisin nuair a bhí sé óg, ach tháinig athrú ar a chuid smaointí polaitiúla le linn an Chéad Chogadh Domhanda.

👁 Image
Máirseáil ar an Róimh, 1922ː Mussolini, á thionlacan ag Emilio De Bono, Italo Balbo agus Cesare Maria De Vecchi le linn na Máirseála ar an Róimh.[2]

Bhunaigh Mussolini an Fasci Italiani di Combattimento i 1919, a athraíodh go dtí Páirtí Náisiúnta an Fhaisisteachais i 1921. Tagann an focal ón ghluaiseacht a chuir Benito Mussolini chun cinn. Ba iad na fasces siombail d’údarás sa tSean-Róimh.


Chabhraigh fadhbanna eacnamaíochta agus neamhsheasmhacht pholaitiúil na hIodáile iarchogaidh le fás na Faisistigh

👁 Image
Benito Mussolini le Rachele, Edda, Bruno agus Vittorio ar saoir i Levanto, 1923.

Ar an 28 Deireadh Fómhair 1922, threoraigh Benito Mussolini, 30,000 fear i máirseáil ar an Róimh.[2]

Trí lá níos déanaí, ar 31 Deireadh Fómhair, tháinig Mussolini chun cumhacht ar iarratas Rí Victor Emmanuel III, le cuidiú ó na Léinte Dubha .Cé gur beag an bhagairt mhíleata a bhain leis na máirseálaithe, ghair an Rí Victor Emmanuel III ar Mhussolini a bheith ina Phríomh-Aire.[2]

Deachtóireacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agus é ina phríomh-aire, bhunaigh sé deachtóireacht ollsmachtach san Iodáil. Ar 3 Eanáir 1925, d'fhógair Mussolini go raibh sé ag glacadh cumhachtaí deachtóireachta chuige féin.

Bhunaigh Mussolini an Stát Corparáideach; thóg sé bóithre agus dhraenáil sé na riasca Pontine in aice leis an Róimh.

Ar 7 Aibreán 1926, rinne bean Éireannach, Violet Gibson, iarracht Benito Mussolini a fheallmharú.[3] Theip uirthi.

Féach ar Mhussolini, agus éist leis, i mBéarla, sa bhliain 1927, anseo.[4]

Sa bhliain 1929, shínigh Mussolini Concordat agus Conradh na Laitéirne leis an Phápa. Chuir seo deireadh le haighneas a bhí idir an stát agus an Eaglais a mhair ó bhí 1870 ann. D'aithin an stát Cathair na Vatacáine mar thír neamhspleách agus ceadaíodh múineadh an reiligiúin i scoileanna stáit. Íocadh cúiteamh don Phápa as talamh a chaill sé.

👁 Image
Benito Mussolini le Adolf Hitler.

Sna 1930í, mhéadaigh Mussolini ar chumhacht na hIodáile trí ionradh a dhéanamh ar an Aibisín agus trí chuidiú le Franco i gCogadh Cathartha na Spáinne. Cé go raibh sé amhrasach faoi Adolf Hitler ar dtús agus gur amharc sé air mar bhagairt, d'éirigh sé cairdiúil leis de réir a chéile. Shínigh an bheirt cheannairí Ais na Róimhe-na Beirline agus Comhaontú na Cruaiche agus bhí siad mar chomhghuaillithe.

Thóg sé an Iodáil isteach sa Dara Cogadh Domhanda sa bhliain 1940, agus bhí an cogadh tubaisteach don tír. Bhí Mussolini curtha as cumhacht sa bhliain 1943 nuair a thosaigh na Comhghuaillithe ag déanamh ionsaithe ar an tír. Gabhadh Mussolini ar an 25 Iúil 1943 agus cuireadh as oifig é. Ach dhá mhí níos déanaí, rinne na Naitsithe tarrtháil air, ar an 12 Meán Fómhair 1943. An stát a bhí ann a bhí ar teaghrán ag na Naitsithe, agus bhí cuma puipéid ar Mussolini ón lá sin amach.

👁 Image
Benito Mussolini crochta, in éineacht le Claretta Petacci (i lár) agus faisistí eile, i bPiazzale Loreto, Milan, 29 Aibreán 1945.

Lámhachadh Benito Mussolini i gComo ar an 28 Aibreán 1945. Crochadh a chorp, in éineacht le Claretta Petacci agus faisistigh eile, i bPiazzale Loreto, Milano, an lá dár gcionn (29 Aibreán).

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "biography.com".Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-04-26.Dáta rochtana: 2017-04-09.
  2. 1 2 3 COBÁC(2016)."DEICH mBLIANA na gCUIMHNEACHÁN".Dáta rochtana: 2021.
  3. The Woman Who Shot Mussolini, The Guardian, 27 Feabhra 2010
  4. Fox Movietone(M.F. 1927)."Benito Mussolini: oráid 'Make America Great'".Dáta rochtana: 2022.