Is stát de chuid na Stát Aontaithe é California.[1]
Úsáidtear an giorrúchán CA don phost, agus baineann an Associated Press feidhm as Calif.
Ainm an Stáit
[cuir in eagar | athraigh foinse]Creidtear go dtagann ainm an stáit ó Las sergas de Espladián (Eachtraí Spladian), úrscéal ón 16ú haois le Garci Rodríguez de Montalvo, a raibh oileán ann darbh ainm "California" a bhí ar nós Parthais. D'fhéadfadh sé go gciallaíonn an focal "chomh te le hoigheann" (cali > te, fornia > oigheann).
Is é "an Stát Órga" leasainm oifigiúil an stáit. D´fhéadfadh sé go mbaineann sé seo leis an ór ar thángthas air sa bhliain 1848 (agus a chuir tús le Fuadar Óir Chalifornia) nó mar go bhfuil dath an óir, nach mór, ar go leor de thalamh an stáit sa samhradh.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 24 Eanáir 1848 fuarthas an chéad píosa óir i gCalifornia. Chuir sé sin tús le Fuadar Óir Chalifornia.
Geilleagar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an ceathrú geilleagar is mó ar domhan ag California le holltáirgeacht intíre measta $4 trilliún (sa bhliain 2024) dá mbeadh sé neamhspleách. Níl ann ach an tSín, na Stáit Aontaithe agus an Ghearmáin atá níos mó.
In 2025, d'fhreastail Gobharnóir Stát California, Gavin Newsom, ar COP30, rud a léirigh scoilt sna Stáit Aontaithe maidir leis an mbealach is fearr aghaidh ar an athrú aeráide.[2]
Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an Stát suite in iarthar na tíre ar chósta an Aigéin Chiúin. Is é an stát is mó sa tír ó thaobh daonra de agus an tríú stát is mó de réir achair.
Tá éagsúlacht mhór ag baint le tíreolaíocht Chalifornia ón gcósta thiar go dtí sliabhraon an Sierra Nevada thoir, agus ó dheas arís chun Gleann an Bháis sa deisceart - ceann de na háiteanna is teo ar domhain. Tá an Gleann Láir idir an t-aigéan agus na sléibhte agus is é seo an príomhshuíomh talmhaíochta sa stát.
Daonra dlúth atá i ndeisceart na Calafóirne, agus is lú an líon daoine atá le fáil sa taobh thuaidh.
Is é Sacramento príomhchathair Chalifornia. Is é Los Angeles, sa deisceart, an chathair is mó sa stát agus is é an dara cathair is mó sna Stáit Aontaithe. Is é mórcheantar San Francisco, sa dtuaisceart, an dara ceantar uirbeach is mó sa stát. Maireann formhór an daonra laistigh de 80 km ón Aigéan Ciúin.
Contaetha in California
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cathracha agus bailte is mó daonra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "an Chalafóirn" uaireanta ach tá 'California' i bhfad níos coitianta (ar tearma.ie srl) ach féach ar ...."site:.nos.ie "Chalafóirn" - Cuardach Google".www.google.ie.Dáta rochtana: 2022-03-02.
- ↑ Cathal Ó Murchú(2025-11-14)."COP30 faoi lánseol in Belém na Brasaíle"(ga-IE).An Páipéar.Dáta rochtana: 2025-11-23.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Stáit Aontaithe Mheiriceá | 👁 Bratach | ||
|---|---|---|---|
| |||
