Cumadóir, scríbhneoir agus amhránaí Sasanach ba ea John Graham Mellor, nó Joe Strummer, mar atá aithne níos fearr air (21 Lúnasa 1952 – 22 Nollaig 2002).
Bhain Strummer clú amach sna 1970idí agus 1980idí mar cheannaire an ghrúpa rac-cheoil (nó punc-rac) The Clash.
Tháinig an t-albam The Clash amach sa bhliain 1977. Tá fuinneamh a gcuid ceoil fíorchumhachtach, maraon leis an dúshlán smaointeach a chuir siad roimh na húdaráis.[1]
Ní ba dhéanaí, sa bhliain 1999, bhunaigh Strummer The Mescaleros.[2] Bhuail taom croí é ar 22 Nollaig 2002, in aois 50 bliain dó agus galar croí ón mbroinn air.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Ben Ó Faoláin(25ú Lúnasa 2018)."Ar Chúl an Albaim… le Luluc"(ga-IE).NÓS.Dáta rochtana: 2022-12-22.
- ↑ "The Mescaleros"(as en)(2022-12-15). Wikipedia.
