VOOZH about

URL: https://ga.wikipedia.org/wiki/Genk

⇱ Genk - Vicipéid


Jump to content
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
👁 Bosca Geografaíocht Pholaitiúil
Genk
Genk (nl)
Genk (li) 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
👁 Bratach
👁 Armas
Bratach Armas
👁 Image

👁 Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
👁 Image
👁 Map
50°57′58″N, 5°30′08″E / 50.9662°N,5.5021°E / 50.9662; 5.5021
Stát ceannasachan Bheilg
Réigiún de chuid na BeilgeRéigiún Fhlóndras
Cúige de chuid na BeilgeLimburg
Arrondissements of Belgium (en) 👁 Aistrigh
Arrondissement Hasselt 👁 Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairGenk 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán66,110 (2018) 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Dlús752.53 hab./km²
Teanga oifigiúilan Ollainnis 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deEmergency zone Limburg East (en) 👁 Aistrigh
👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla87.85 km² 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAlbert Canal (en) 👁 Aistrigh
👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Airde324 m 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Eagraíocht pholaitiúil
Méara Genk 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Wim Dries (2009–) 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist3600 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód089 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáingenk.be 👁 Cuir in eagar ar Wikidata

👁 Facebook: stadgenk
👁 X: stadgenk
👁 Instagram: stadgenk
👁 LinkedIn: stad-genk
👁 Youtube: UCfyEKHDT7MEU8iB_B0Ej9aQ
👁 Youtube: stadgenk3600
👁 Cuir in eagar ar Wikidata

Is cathair i bhFlóndras, an Bheilg, é Genk. Tá sé suite i gCúige Limburg, i dtuaisceart na tíre. Cathair tionsclaíochta atá ann agus í suite ar an gcanáil Albert idir Antuairp agus Liège. Ag tús na bliana 2016 measadh 65,691 duine a bheith ina gcónaí sa chathair.

Ceaptar gur fhás Genk as lonnaíocht bheag Cheilteach. Tá iarsmaí faighte de shéipéal beag adhmaid san áit ó am éigin timpeall an 10ú céad. Roimh an 20ú céad ní raibh ann ach sráidbhaile beag síochánta nach raibh ach dhá nó trí mhíle duine ina gcónaí ann agus a tharraing aird roinnt péintéirí agus scríbhneoirí mar Neel Doff. Ag toiseacht sa bhliain 1901 thángthas ar ghual sa cheantar máguaird. I ndiaidh an Chéad Chogaidh Dhomhanda, tháinig fás mór faoin mbaile agus ag buaicphointe na tionsclaíochta bhí 70,000 duine ann. Sa bhliain 1966, áfach, dúnadh an mianach Zwartberg, an ceann ba mhó díobh, agus níor mhair baint na guala thar na 1980idí. Lár na tionsclaíochta i Limburg is ea Genk go dtí an lá inniu, mar sin féin. Is de bhunús coimhthíoch 54% den daonra, as 85 tír, as an Iodáil, an Tuirc agus an Ghréig go háirithe.

👁 Image
An château sa Bokrijk

Tá an Bokrijk in Genk, bailiúchán foirgneamh as áiteanna ar fud Fhlóndras. Tá réadlann ann chomh maith, mar atá Europlanetarium Genk.


Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]