Is cathair agus bardas i bhFlóndras na Beilge é Vilvoorde. Cuimsíonn sé an chathair féin, na ceantracha Koningslo agus Houtem san áireamh móide baile beag ar a dtugtar Peutie. Tá Vilvoorde suite i gCúige Brabant, i dtuaisceart na tíre. Tá tagairt do Vilcoorde (mar Filfurdo) i gcáipéis ón mbliain 779. Ag tús na bliana 2016 measadh 43,017 duine a bheith ina gcónaí in Vilvoorde.
Is í an Dúitsis teanga oifigiúil Vilvoorde. Tá Fraincis ag 20% den daonra. Tá cónaí ar an gcuid is mó díobh in Koningslo, lámh leis an mBruiséil. Tá mionlach ón Spáinn i lár na cathrach, chomh maith le himircigh as a lán tíortha eile.
Leasainm ar lucht na cathrach ná "pjeirre-fretters" (iteoirí capaill) as an méid feoil chapaill a itear ann.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]
| 👁 Image | Is síol faoi thíreolaíocht na Beilge é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
