VOOZH about

URL: https://ga.wikipedia.org/wiki/Tony_Gregory

⇱ Tony Gregory - Vicipéid


Jump to content
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
👁 Infotaula de persona
Tony Gregory
Beathaisnéis
Breith5 Nollaig 1947
Baile Átha Cliath, Éire 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Bás2 Eanáir 2009
61bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
👁 Image
Teachta Dála
14 Meitheamh 2007– 2 Eanáir 2009
Téarma parlaiminte: 30ú Dáil


👁 Image
Ionadaí an Tionóil Pharlaiminte de Chomhairle na hEorpa
Ina hionadaí do: Éire

22 Eanáir 2007– 26 Eanáir 2009
👁 Image
Teachta Dála
6 Meitheamh 2002– 26 Aibreán 2007(díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 29ú Dáil


👁 Image
Teachta Dála
26 Meitheamh 1997– 25 Aibreán 2002(díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 28ú Dáil


👁 Image
Ionadaí an Tionóil Pharlaiminte de Chomhairle na hEorpa
Ina hionadaí do: Éire

27 Eanáir 1997– 24 Eanáir 2005
👁 Image
Ionadaí an Tionóil Pharlaiminte de Chomhairle na hEorpa
Ina hionadaí do: Éire

30 Eanáir 1995– 10 Eanáir 1996
👁 Image
Ionadaí an Tionóil Pharlaiminte de Chomhairle na hEorpa
Ina hionadaí do: Éire

24 Márta 1993– 11 Aibreán 1994
👁 Image
Teachta Dála
14 Nollaig 1992– 15 Bealtaine 1997(díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 27ú Dáil


👁 Image
Teachta Dála
29 Meitheamh 1989– 5 Samhain 1992(díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 26ú Dáil


👁 Image
Teachta Dála
10 Márta 1987– 25 Bealtaine 1989(díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 25ú Dáil


👁 Image
Teachta Dála
14 Nollaig 1982– 20 Eanáir 1987(díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 24ú Dáil


👁 Image
Teachta Dála
9 Márta 1982– 4 Samhain 1982(díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 23ú Dáil


Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaluach ar iarraidh 👁 Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
👁 Image

Ba Theachta Dála neamhspleách de chuid dháilcheantar Bhaile Átha Cliath Láir é Tony Gregory (5 Nollaig 1947 - 2 Eanáir 2009[1]). Toghadh é an chéad uair i bhFeabhra 1982 agus d'éirigh leis an suíochán sin a choinneáil go lá a bháis. Bhí sé ar dhuine de na Teachtaí Dála ba cháiliúla go náisiúnta, cé nár ghlac sé páirt in aon rialtas le linn dó a bheith ina pholaiteoir gairmiúil.

Óige agus saol réamhpholaitiúil

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh é do Tony Gregory Snr., fánaí ar dhuganna Bhaile Átha Cliath agus d'Ellen Judge arbh as feirm bheag in Uíbh Fhailí í. Dúirt sé nuair a bhí sé ina Theachta Dála, gur spreag bochtaineacht a thuistí é le dul le polaitíocht agus ba í a mháthair an duine ba mhó tionchar air go dtí gur bhásaigh sí i 1969. Ghnóthaigh sé scoláireacht nuair a bhí sé óg, rud a chiallaigh go raibh sé in ann freastal ar Mheánscoil Uí Chonaill ar Shráid Richmond Thuaidh, nuair ba bheag duine den lucht oibre ón gceantar sin a bhí in ann oideachas dara leibhéal a fháil mar gheall ar an gcostas. Chaith sé tréimhsí ag obair i Sasana le híoc as a oideachas ollscoile, rud a fuair sé i UCD, agus mhaígh sé féin nár ghlac sé aon pháirt i saol sóisialta na hollscoile mar gheall ar an gcoimhthíos a mhothaigh sé i measc na meánaicme ansin.[2]

D'oibrigh sé mar mhúinteoir Fraincise agus staire i gColáiste Eoin i Stigh Lorgan i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, sula ndeachaigh sé leis an bpolaitíocht. Bhí sé ina bhall de Shinn Féin Oifigiúil agus de Pháirtí Poblachtach Sóisialach na hÉireann ar dtús, ach toghadh é mar ionadaí neamhspleách chun na Dála. Toghadh é mar chomhairleoir cathrach ar dtús i 1979, post a choinnigh sé go dtí 2004.

Margadh Gregory agus a shaol polaitiúil

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain sé cáil náisiúnta amach sa bhliain inar toghadh é chun na Dála an chéad uair, nuair a d'éirigh leis méid mór gealltanas agus airgid a fháil dá dháilcheantar féin ó rialtas Chathail Uí Eochaidh, ceantar a bhí thíos go mór le bochtaineacht agus faillí san am sin. Ba ghá dóibh brath ar a vóta sa Dáil chun móramh rialtais a chruthú, rud ar tugadh "Margadh Gregory" air go coitianta. Ach thit rialtas Uí Eochaidh as a chéile ag deireadh na bliana céanna agus níor cuireadh cuid mhaith den mhargadh i bhfeidhm dá bharr. D'fhan sé ina ghníomhaíoch pobail aitheanta ina dhiaidh sin, go háirithe i gcoinne fhadhb na ndrugaí agus i gcur chun cinn ceartais shóisialta ina dháilcheantar féin. D'íoc sé go daor as a sheasamh polaitiúil ar son na dtrádálaithe sráide i mBaile Átha Cliath nuair a cuireadh i bpríosún é ar feadh roinnt seachtainí tar éis dó a bheith páirteach in agóidí ar a son i 1986. Bhí sé go mór i gcoinne spórt fola chomh maith agus chuir sé bille chun cinn sa Dáil sna 1990idí chun cosc a chur air, ach níor éirigh leis an iarracht.

Saol pearsanta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níor phós sé riamh cé go raibh páirtí aige darb ainm Annette agus chónaigh sé go lá a bháis lena aon deartháir, Noel, ag Gairdíní Sackville, sa Bhaile Bocht.

Fuair sé bás ó ailse bhoilg ar 2 Eanáir 2009 i ndiaidh dó a bheith go dona tinn le fada.[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]