Dlíodóir, údar agus iarpholaiteoir de chuid Fhine Gael is ea Alan Joseph Shatter (a rugadh ar 14 Feabhra 1951). Bhí sé ina Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus ina Aire Cosanta ó 2011 go 2014. Bhí sé ina Theachta Dála (TD) do dháilcheantar Bhaile Átha Cliath Theas ó 1981 go 2002 agus ó 2007 go dtí 2016. D’fhág sé Fine Gael go luath in 2018 agus sheas sé mar iarrthóir neamhspleách san Olltoghchán 2024, ach níor toghadh é.[1]
Saol pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Shatter i mBaile Átha Cliath do theaghlach Giúdach, agus is mac é Shatter le Elaine agus Reuben Shatter, lánúin Sasanach a bhuail lena chéile de thaisme nuair a bhí an bheirt ar saoire in Éirinn i 1947. Baile an tSaoir,Cuireadh oideachas air san High School, Ráth Garbh, i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus in Institiúid Europa de chuid Ollscoil Amstardam. Nuair a bhí sé amach sna déaga, d'oibrigh sé ar feadh dhá mhí in Iosrael ar kibbutz.[2] Chaill Alan a mháthair, Elaine, i gcúinsí tragóideacha agus é ina ógfhear. Díreach 14 bliana d'aois, tháinig sé abhaile ó lón Nollag chun teacht ar chorp a mháthar sínte ar urlár na cistine. Bhí a ceann ar philiúr in aice le doras an oighinn agus bhí cóta ag cumhdach a corp.[3] Tá an chuid is mó dá shaol caite ag Shatter i mBaile Átha Cliath; d'fhás sé aníos i Ráth Garbh agus i Ráth Fearnáin agus tá cónaí air anois i mBaile an tSaoir, lena bhean chéile, Carol Ann (Danker) Shatter. Tá beirt pháistí fásta aige.[4] Le leasanna i gcúig réadmhaoin déag, bhí an phunann réadmhaoine is mó ag Shatter d'aon bhall de chomh-aireacht na hÉireann agus é ina aire comh-aireachta (2011 -2014 ).[5]
Gairm dlí agus scríbhneoireachta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Shatter ina chomhpháirtí i ngnólacht dlí Bhaile Átha Cliath Gallagher Shatter (1977–2011). Mar aturnae, ghníomhaigh sé mar abhcóide i mórán cásanna ceannródaíocha san Ard-Chúirt agus san Chúirt Uachtarach. Is é údar ceann de na príomhshaothair acadúla ar dhlí teaghlaigh na hÉireann (1977, 1981, 1986 agus 1997), saothar a mhol athchóiriú substaintiúil bunreachtúil agus reachtúil ar dhlí an teaghlaigh. Mar pholaiteoir, bhí ról ceannais aige i gcuid mhaith den athrú bunreachtúil agus reachtaíochta a mhol sé a chur i bhfeidhm. Is iar-chathaoirleach é ar na hIonaid Chomhairle Dlí Saor in Aisce, iar-chathaoirleach ar CARE, eagraíocht a rinne feachtasaíocht ar son athchóirithe reachtaíochta leanaí agus cúram leanaí sna 1970idí, agus iar-Uachtarán ar Chomhairle na hÉireann i gCoinne Spóirt Fola. I measc a chomhaltachtaí gairmiúla, tá sé ina Chomhalta den International Academy of Matrimonial Lawyers
Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toghadh Shatter don Dáil don chéad uair in olltoghchán 1981 agus atoghadh é i ngach olltoghchán ina dhiaidh sin go dtí gur chaill sé a shuíochán in olltoghchán 2002. Ba bhall de Chomhairle Chontae Bhaile Átha Cliath é ó 1991 go 1999 do cheantar Ráth Fearnáin.
I rith na 1980í, mhol Shatter go mbunófaí Coiste Gnóthaí Eachtracha san Oireachtas. Ba bhall den choiste é ó bunaíodh é (ach amháin ar feadh tréimhse ghearr ó 1993 go 1994) agus ba Cathaoirleach an Choiste é ó Nollag 1996 go Meitheamh 1996.
Caith ceannaire Fhine Gael, Seán de Briotún, amach ón gcoiste é ar feadh tréimhse ó 1993 go 1994 mar vótáil Shatter i bhfabhar cosc a chur ar chúrsáil giorriacha d'ainneoin an cheangail aoireachta. Bhí Shatter ina Uachtarán ar Ghaelchomhairle in Aghaidh Fuilspórt ar feadh tamaill.
D'oibrigh sé mar aturnae tar éis dó a shuíochán a chailliúint sa bhliain 2002 agus ba chomhpháirtí é sa chomhpháirtíocht Gallagher Shatter.
Atoghadh é in olltoghchán 2007 agus arís sa bhliain 2011.
Fuair Shatter oiliúint sa dlí agus chuir sé a lán reachtaíochta chun cinn nuair a bhí sé sa Dáil. D'fhoilsigh Shatter, dar le Shatter féin,[6] níos mó Billí Comhalta Phríobháidigh agus é sa freasúra ná aon TD riamh. Rinne cuid de na billí athraithe i gcúrsaí sláinte, spóirt agus cirt. Uaireanta, rinne an rialtas leasúcháin ar a bhillí agus ghlac siad úinéireacht orthu.
Ba urlabhraí é ar bhinse tosaigh Fhine Gael ar roinnt ábhar:
- Athchóiriú Dlí (1982, 1987-1988)
- Comhshaol (1989-1991)
- Saothar (1991)
- Ceart (1992-1993)
- Comhionannas agus Athchóiriú Dlí (1993-1994)
- Sláinte agus Leanaí (1997-2000)
- Dlí agus Ceart, Athchóiriú Dlí agus Cosaint (2000-2002)
- Leanaí (2007-2010)
- Dlí agus Ceart agus Athchóiriú Dlí (2010-2011)
2014: Scannal agus éirí as
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ceapadh Shatter mar Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus Aire Cosanta ar 9 Márta 2011. D’éirigh Alan Shatter as a phost in 2014. Glacadh leis go forleathan in 2014 gurbh amhlaidh go raibh an Taoiseach Enda Kenny ar tí é a bhriseadh as a phost, ainneoin an ghnáthráitis bhuíochais a d’eisigh Kenny nuair a d’fhógair Shatter féin go raibh sé ag imeacht. Dhá mhí sular fhág Shatter an rialtas, d’éirigh Coimisinéir na nGardaí Martin Callinan as a phost. Ní dhearna Callinan ná an rialtas cur síos ar bith ar an bhfáth gur éirigh seisean as phost ach oiread. Ní raibh míniú sásúil ar eachtraí na bliana sin ná ar an ngéarchéim sa Gharda Síochána sa leabhar fada cáinteach atá scríofa ag Shatter, Frenzy and Betrayal – The Anatomy of a Political Assassination.[6][7]
2024
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sheas Shatter mar iarrthóir neamhspleách san Olltoghchán 2024. Bhí sé san iomaíocht ag iarraidh go gcuirfí deireadh le cáin oidhreachta, éileamh a bhí an-tarraingteach i nDáilcheantar saibhir Ráth an Dúin,.[8]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Former Fine Gael minister Alan Shatter to run as Independent candidate in general election”.The Irish Times(17 October 2024).
- ↑ Delaney, Eamon (11 March 2013) Israel may finally have some luck with the Irish Curtha i gcartlann 8 Aibreán 2014 ar an Wayback Machine The Times of Israel
- ↑ https://www.belfasttelegraph.co.uk/life/features/mum-and-me-the-tragic-secret-of-how-alan-shatter-the-former-irish-minister-for-justice-lost-his-mother-elaine-in-tragic-circumstances-as-a-youngster/a/117434492.html
- ↑ Introducing Ireland: a serious visitor's guide with biographies of over 700 leaders, Mercier Press, 1992.
- ↑ "Shatter in bid to evict tenant from US home over rent row".Irish Independent.
- 1 2 Alan Shatter(2019)."Frenzy and Betrayal: The Anatomy of a Political Assassination – Irish Academic Press".web.archive.org.Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-04-25.Dáta rochtana: 2024-11-28.
- ↑ Cathal Mac Coille 13 Meitheamh 2019(2019-06-13)."Alan Shatter féin i mbun ‘political assassination’ ina leabhar nua"(ga-IE).Tuairisc.ie.Dáta rochtana: 2024-11-28.
- ↑ Donncha Ó hÉallaithe(28 Samhain 2024)."Beirt chainteoirí Gaeilge le suíochán a fháil I ndeisceart Bhaile Átha Cliath, tabharfaidh aire na Gaeltachta na cosa léi"(ga-IE).Tuairisc.ie.Dáta rochtana: 2024-11-28.
- Baile Átha Cliath Ráth an Dúin
- Daoine a rugadh i 1951
- Baill den 22ú Dáil
- Baill den 23ú Dáil
- Baill den 24ú Dáil
- Baill den 25ú Dáil
- Baill den 26ú Dáil
- Baill den 27ú Dáil
- Baill den 28ú Dáil
- Baill den 30ú Dáil
- Baill den 31ú Dáil
- Daoine beo
- Dlíodóirí Éireannacha
- Alumni Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
- Aturnaetha Éireannacha
- Polaiteoirí as Baile Átha Cliath
- Giúdaigh Éireannacha
- Baill Fhine Gael
- Teachtaí Dála neamhspleácha
