Is iarpholaiteoir agus Teachta Dála do cheantar Chill Dara Thuaidh í Catherine Murphy (Gaeilge:Caitríona Ní Mhurchú) (a rugadh ar an 1 Meán Fómhair 1953). Tá sí ina ball de na Daonlathaigh Shóisialta
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is as Léim an Bhradáin di. Iar-bhall de Dhaonlathas Clé agus de Pháirtí na nOibrithe í.
Bhíodh sí ina TD neamhspleách sa tréimhse 2005-2007, agus ó Feabhra 2011 go dtí 2015.
Bhí Murphy ina comhcheannaire, in éineacht le Róisín Shortall, ó mhí Iúil 2015 go dtí mí Feabhra 2023.
Sheas sí san Olltoghchán 2016 agus toghadh í le 23% de na vótaí céad rogha agus atoghadh í in 2020.
Ar an 2 Iúil 2024, d'fhógair Róisín Shorthall agus Catherine Murphy go raibh siad le n-éirí as an bpolaitíocht ag an gcéad olltoghchán eile. Mhaígh siad gur féidir saol agus sochaí níos féaráilte bheith ann agus gur prionsabail an daonlathais shóisialta a lean sí i gcónaí chuige sin. Chreid siad chomh maith go láidir sa bpolaitíocht mar chumhacht chun tairbhe an phobail.[1][2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Fógra déanta ag bunaitheoirí na nDaonlathaithe Sóisialta nach mbeidh siad ag seasamh san olltoghchán"(ga-IE).Tuairisc.ie(2024-07-02).Dáta rochtana: 2024-07-03.
- ↑ Nuacht RTÉ(2024-07-02)."Róisín Shorthall, Catherine Murphy le n-éirí as an bpolaitíocht"(as ga-IE).
- Ailt le téacs sa Ghaeilge
- Daoine a rugadh i 1953
- Daoine beo
- Alumni
- Baill den 29ú Dáil
- Baill den 31ú Dáil
- Baill den 32ú Dáil
- Baill den 33ú Dáil
- Baill na nDaonlathaithe Sóisialta
- Baill Pháirtí an Lucht Oibre (Éire)
- Comhairleoirí Áitiúla
- Teachtaí Dála mná
- Cill Dara Thuaidh (Dáilcheantar)
- Teachtaí Dála neamhspleácha
- Polaiteoirí as Cill Dara
