Is polaiteoir Éireannach, iar-Theachta Dála do cheantar Loch Garman, iar-FPE, iarbhainisteoir sacair agus forbróir tógála é Mick Wallace (Gaeilge: Micheál de Bhailís) a rugadh ar an 9 Samhain 1955.
Bhí sé ina bhall neamhspleách den Dáil (Independents 4Change), agus tharraing sé conspóid go minic. Tá cáil ar leith air as a chuid éadaí gáifeacha; léinte bándearga ina measc, a thagann salach ar rialacháin na Dála corruair, chomh maith lena ghruaig fhada.
Sheas sé san Olltoghchán 2011 agus toghadh é don chéad uair mar TD. Toghadh é ina Fheisire Eorpach é i mí Iúil 2019 agus chaill sé a shuíochán sa bhliain 2024.[1]
Roimh Olltoghchán 2024, d’fhág Mick Wallace sách deireanach é a fhógairt go poiblí go mbeadh sé ag seasamh sa dáilcheantar Loch Garman aon uair amháin eile agus é ag súil an suíochán a ghnóthaigh sé in 2011 agus arís in 2016 a fháil ar ais.[2] Theip air in Olltoghchán 2024.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ(2024-06-14)."Na suíocháin Eorpacha ar fad líonta"(as ga-IE).
- ↑ Donncha Ó hÉallaithe(17 Samhain 2024)."Coinneoidh Verona Murphy a suíochán in ainneoin Mick Wallace a bheith sa rás"(ga-IE).Tuairisc.ie.Dáta rochtana: 2024-11-19.
| 👁 Image | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
