Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála do Chill Mhantáin é Simon Harris (a rugadh ar an 17 Deireadh Fómhair 1986).[1][2] Síomón Ó hEarchaí a thugtar air as Gaeilge.
Is é ceannaire Fhine Gael é agus toghadh ina Thaoiseach é i gcomharbacht ar Leo Varadkar in 2024. Ar an 23 Eanáir 2025, ceapadh Harris ina Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus Aire Cosanta i Rialtas an 34ú Dáil.[3] D'éirigh sé ina Aire Airgeadais i mí na Samhna 2025 tar éis do Paschal Donohoe éirí as.
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Teachta Dála
Toghadh Harris chun na Dála sa bhliain 2011 don chéad uair, le 11% de na vótaí céad rogha.[4][5] Sheas sé san Olltoghchán 2016 agus toghadh é le 16% de na vótaí céad rogha.
Aire sláinte, 2016-2020
Aire Ardoideachais, 2020-2024
I mí Lúnasa 2023, sheol Harris Plean Printíseachta na Seirbhíse Poiblí; sa phlean, leagadh amach réimsí éagsúla ina dtiocfaidh méadú ar líon na gclárúchán printíseachta sa tseirbhís phoiblí agus in údaráis áitiúla.[6]
Léirigh Harris tacaíocht d’ollscoil i nDoire, togra a bhfuil dúil mhór ann taobh thiar den Bhanna.[7]
Aire Dlí, 2022-2023
Taoiseach
9 Aibreán 2024-23 Eanáir 2025
Aire Gnóthaí Eachtracha, 2025
Ar an 23 Eanáir 2025, ceapadh Harris ina Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus Aire Cosanta i Rialtas an 34ú Dáil.[3]
Aire Airgeadais, 2025-
Ar an 18 Samhain 2025, ceapadh Harris ina Aire Airgeadais tar éis do Paschal Donohoe éirí as.[8]
Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dúirt Harris sa bhliain 2022 go raibh sé ag iarraidh níos mó Gaeilge a labhairt bhí sé i gceist aige tabhairt faoi ranganna Gaeilge.[9]
Mar Aire Breisoideachais agus Ardoideachais.[10][11] ba mhinic a cháineadh é faoina mheon agus meon a Roinne i leith na Gaeilge. Nuair a foilsíodh in 2021 ceannteidil an bhille, Bille an Údaráis um Ard-Oideachas, 2022, rinneadh cáineadh láidir ar Harris, an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais ag an am, toisc nach raibh tagairt ar bith don Ghaeilge iontu. Mhol Harris go mbainfí tagairt láidir do "chosaint na Gaeilge" ó acht agus go gcuirfí tagairt ghinearálta do "chúrsaí cultúrtha" ina háit.[12] Ach rinneadh cáineadh láidir ar Harris. Deirtear anois sa Bhille go bhfuil sé mar chuspóir ag an Údarás tacú leis na hinstitiúidí tríú leibhéal atá faoina chúram an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn. Dúirt Harris ag an am go raibh “réimse leathan” cúrsaí ar fáil i nGaeilge agus dóthain acu ann chun freastal ar aon éileamh breise ar Ghaeilgeoirí a bheadh ann amach anseo de thoradh an Bhille Teanga.[13][14]
Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'fhreastail Harris ar an Institiúid Teicneolaíochta Átha Cliath. D'éirigh sé as a chúrsa chun dul ag obair le Frances Fitzgerald.[15]
Phós Harris Caoimhe Wade in 2017. Tá beirt clainne orthu.
Tá Galar Crohn ar Harris.
Géarleanúint
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 20 Samhain 2025, tugadh Sandra Barry, as Tor an Rí, Baile Gadaí, i Leamhchán (40 bliain d'aois) os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath agus í cúisithe i mbagairt a dhéanamh ar Harris agus ar a theaghlach.[16][17]
I mí Dheireadh Fómhair 2025, phléadáil Patrick Grealish as eastát Gharraí an Choirce, Leitir Mealláin i gCo na Gaillimhe ciontach as bagairtí a dhéanamh ar Simon Harris agus a theaghlach tríd theachtaireacht ar na meáin shóisialta. Ciontaíodh Grealish as 70 cion roimhe seo. Bhain 24 dóibh sin le cionta bóthair agus bhain an chuid eile 46 le cionta gadaíochta. Dúirt Harris gur mhian leis go dtuigfeadh Grealish go bhfágann bagairtí droch bhail ar dhaoine, go ngortaíonn siad iad agus go gcothaíonn siad imní uafásach iontu. Ar an 17 Feabhra 2026 gearradh téarma ceithre mhí i bpríosún ar Grealish.[18]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Cosán glan ag Simon Harris do cheannaireacht Fhine Gael"(ga-IE).Tuairisc.ie(2024-03-21).Dáta rochtana: 2024-03-21.
- ↑ "Simon Harris deimhnithe ina iarrthóir do cheannaireacht FG"(as ga)(2024-03-21).
- 1 2 Nuacht RTÉ(23 Eanáir 2025)."Comhaireacht nua fógartha ag Micheál Martin"(ga-IE).
- ↑ "Simon (24) continues proud FG tradition of Young Turks"(en).Irish Independent(2011-02-28).Dáta rochtana: 2024-03-21.
- ↑ "ElectionsIreland.org: 31st Dáil - Wicklow First Preference Votes".electionsireland.org.Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-03-21.Dáta rochtana: 2024-03-21.
- ↑ publicjobs.ie(2023)."Meafódar líon na bprintíseachtaí faoi dhó go dtí 750 roimh 2025 faoi Phlean Printíseachta na Seirbhíse Poiblí".Dáta rochtana: 2024.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin(24 Márta 2024)."Beidh gá le fuinneamh ón Taoiseach nua, ar an dá thaobh den teorainn"(ga-IE).Tuairisc.ie.Dáta rochtana: 2024-03-24.
- ↑ Nuacht RTÉ(2025-11-18)."Harris ceaptha ina Aire Airgeadais in áit Donohoe"(as ga-IE).
- ↑ "An tAire Ardoideachais le tabhairt faoi ranganna chun a chuid Gaeilge a fheabhsú"(ga-IE).Tuairisc.ie(2022-04-06).Dáta rochtana: 2024-03-21.
- ↑ ExtraG(2024-03-20)."Tar éis Leo, cé a bheidh mar chéad Taoiseach eile againn?"(ga-IE).Dáta rochtana: 2024-03-21.
- ↑ Bhí sé ina aire dhlí agus cirt sealadach nuair a bhí a chomhghleacaí Helen McEntee ar saoire mháithreachais
- ↑ "‘An é atá á rá ag an Aire Harris nach bhfuil fás na Gaeilge ina aidhm náisiúnta a thuilleadh?’"(ga-IE).Tuairisc.ie(2021-07-14).Dáta rochtana: 2024-03-21.
- ↑ "Teachtaí Dála ag iarraidh go dtabharfaí cosaint níos mó don Ghaeilge i reachtaíocht nua oideachais"(ga-IE).Tuairisc.ie(2022-02-01).Dáta rochtana: 2024-03-21.
- ↑ "Athrú poirt ag Harris agus tagairt don Ghaeilge curtha i mbille oideachais nua"(ga-IE).Tuairisc.ie(2022-01-11).Dáta rochtana: 2024-03-21.
- ↑ "Simon Harris as Minister for Health: the challenge awaits"(en).The Irish Times.Dáta rochtana: 2024-03-21.
- ↑ Nuacht RTÉ(2025-09-01)."Fiosrúchán coiriúil faoi bhagairt ar an Tánaiste agus a chlann"(as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ(2025-11-20)."Bean cúisithe i mbagairt a dhéanamh ar Simon Harris"(as ga-IE).
- ↑ Sorcha Ní Mhonacháin / Nuacht RTÉ(2026-02-17)."4 mhí príosúin d'fhear a bhagair an Tánaiste Simon Harris a mharú"(as ga).
